Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

BACK TO GET DATA
2021/2022 Latest

Torthaí CensusAtSchool 21

As thart ar 391,703 scoláire iar-bhunscoile, chomhlánaigh 1,748 (0.4%) scoláire ceistneoir Chéim 21 den suirbhé CensusAtSchool. Bhí sé ar fáil do scoláirí agus do scoileanna idir mí Mheán Fómhair 2021 agus mí an Mheithimh 2022. Cumhdaíodh réimse de thopaicí éagsúla i gceistneoir Chéim 21 lena n-áirítear:

  • Gníomhaíocht Choirp agus Sláinte
  • Teicneolaíocht
  • Corn an Domhain
  • Carthanas

Torthaí suimiúla a tháinig as suirbhé Chéim 21:

  • Luaigh 40% de scoláirí gur tháinig méadú ar a ngníomhaíocht choirp mar gheall ar phaindéim COVID-19. Chomh maith leis sin, b’údar misnigh a fheiceáil go raibh 63% de scoláirí mar bhaill de chlub spóirt. Léirigh sonraí spéisiúla eile a bhain le sláinte gur chodail scoláirí 8 n-uair an chloig 22 nóiméad ar an meán nuair nach raibh aon scoil ann an lá dár gcionn i gcomparáid le 7 n-uair an chloig 26 nóiméad nuair a bhí scoil ann an lá dár gcionn. Bhain 25% de scoláirí úsáid as uaireadóir cliste chun monatóireacht a dhéanamh ar a ngníomhaíocht choirp agus a gcodladh.
  • Cuireadh réimse ceisteanna a bhain le teicneolaíocht ar scoláirí. Ceist spéisiúil a cuireadh ar scoláirí arís ná an aip a roghnóidís mura raibh ach ceann amháin ceadaithe ar a bhfón. Ba é Snapchat an buaiteoir arís i mbliana agus tháinig méadú 50% ar a sciar. Níor íoslódáil ach 24% de scoláirí aip Rianaire COVID, áfach. Cuireadh ceist ar scoláirí freisin maidir leis an líon nóiméad in aghaidh an lae a chaith siad ar ghníomhaíochtaí difriúla. Chaith scoláirí i bhfad níos mó ama – 670 nóiméad – ar a bhfón póca i gcomparáid le gach gníomhaíocht eile curtha le chéile.
  • Cuireadh ceist ar scoláirí faoin tír a bheadh ag óstáil Chorn an Domhain FIFA 2022. D’éirigh le 75% de scoláirí an cheist seo a fhreagairt i gceart ach Catar a roghnú dá bhfreagra. Cuireadh ceist ar scoláirí freisin faoin méid cluichí a bheadh ar siúl ar an iomlán le linn Chorn an Domhain. Ba é an buille faoi thuairim ba lú ná 1. Ba é an buille faoi thuairim ba mhó ná 999. Ba é an meán ná 75 cluiche.
  • Cuireadh ceist ar scoláirí faoin gcarthanacht ar a mbronnfaidís €1000 dá mbeadh sé acu. Ba é an buaiteoir ná cúiseanna a bhain le sláinte (rogha 31% de na scoláirí).
  • Cuireadh ceist ar scoláirí freisin faoi cé chomh dian is a bhí a dtuismitheoirí ar scála 1-100. Roghnaigh 49% de scoláirí luach 50 nó os a chionn.

Téigh chuig suíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh chun breathnú ar léiriú grafach na dtorthaí seo.