Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

Cé Muid

An Tionscadal

Is tionscnamh é CensusAtSchool atá dírithe ar litearthacht staitistiúil i scoileanna a fheabhsú agus feasacht a mhéadú maidir le tábhacht an daonáirimh náisiúnta agus na sonraí staitistiúla náisiúnta. Tugann an suíomh gréasáin deis do scoláirí ceistneoir gairid ar líne a chomhlánú agus anailís a dhéanamh ar thorthaí an ranga.

Foilsítear ceistneoir nua gach fómhar agus tá rannóga ar an suíomh gréasáin ina bhfuil ábhar tacaíochta/acmhainní d’ábhair éagsúla.

Is tionscadal comhoibritheach é CensusAtSchool idir Scoilnet – tairseach na Roinne Oideachais agus Scileanna do mhúinteoirí agus scoileanna in Éirinn – an Phríomh-Oifig Staidrimh agus foireann Forbartha Matamaitice SFGM.

Bhíothas in ann leanúint leis an tionscadal Census at School Ireland a bhuí le rannpháirtíocht Dominic Martignetti ag a raibh saineolas teicniúil agus taithí ag obair leis an mbuntionscadal sa Ríocht Aontaithe a bhí ríthábhachtach.

Stair an Tionscadail

Thosaigh an Royal Statistical Society Centre for Statistical Education (RSSCSE) an tionscadal Census at School sa bhliain 2000 i gcomhar leis an Oifig Náisiúnta Staidrimh sa Ríocht Aontaithe. Bhain an tionscadal, a bhí le reáchtáil aon bhliain amháin, le daonáireamh 2001 na Ríochta Aontaithe. Úsáideann na tuairisceáin ó cheistneoirí 1-8 ar shuíomh gréasáin reatha Census At School sonraí ó scoláirí sa Ríocht Aontaithe toisc nár thosaigh an tionscadal in Éirinn go dtí 2009.

Tá an tionscadal ar bun i roinnt tíortha eile anois freisin agus déantar na leasuithe cuí chun cultúr agus traidisiúin áitiúla a léiriú. Áirítear leo siúd: An Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, Queensland agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Príobháideachas

Rinneadh an t-iniúchadh agus an tástáil is déanaí ar shuíomh gréasáin an tsuirbhé i Meán Fómhair 2020 do thionscadal CensusAtSchool.ie agus cruthaíodh ráiteas ar an 9 Meán Fómhair 2020. Rinne na comhpháirtithe atá i mbun CensusAtSchool.ie machnamh cúramach ar cheist an phríobháideachais agus rúndacht na sonraí:

  • Ní scaoilfear na sonraí chun sochair tráchtála ná chun leas aon chomhlachta sheachtraigh.
  • Is éard is cuspóir don tionscadal acmhainn shaibhir oideachais a sholáthar do mhúinteoirí agus do scoláirí araon chun feabhas a chur ar litearthacht agus ar fhoghlaim staitistiúil.
  • Cinntítear neamhainmníocht aonair toisc nach bhfuil ainmneacha ar na ceistneoirí a chuireann rannpháirtithe aonair isteach.
  • Tá rannpháirtíocht na scoláirí aonair deonach.
  • Tá rochtain ar thorthaí ranga teoranta. Nuair a chláraíonn múinteoirí don tionscadal ar dtús, seoltar pasfhocal chucu a ligeann dóibh rochtain a fháil ar achoimre de thorthaí a ranga. Bíonn na torthaí sin ar fáil i bhfoirm scarbhileoige agus ní bhíonn ainmneacha na scoláirí ná aitheantóirí ranga ná scoile iontu.
  • Ní úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear ó scoláirí ach amháin do chuspóirí oideachais.

Déantar criptiú ar shonraí a chuirtear faoi bhráid na Príomh-Oifige Staidrimh le haghaidh anailís dheireadh na bliana agus déantar na sonraí a aistriú go slán ach Cliaint SFTP a úsáid. Tugann an Phríomh-Oifig Staidrimh aird ar do chearta príobháideachais phearsanta agus caithfear le haon eolas pearsanta a sholáthraíonn tú don Phríomh-Oifig leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, agus cloífear go hiomlán le prionsabail an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (an GDPR).

Ráiteas Inrochtaineachta

  • Cuirtear inneachar an tsuímh gréasáin seo ar fáil do gach duine a ghlacann páirt sa ghníomhaíocht foghlama de chuid CensusAtSchool.ie chun an ghníomhaíocht sin a úsáid agus a thuiscint.
  • Ba mhaith le foireann tionscadail CensusAtSchool go mbeadh taithí mhaith ag gach duine a úsáideann ár suíomhanna gréasáin agus ár suirbhéanna; chuige sin, ba cheart go mbeifeá in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh ar an suíomh gréasáin:
    • zúmáil isteach suas go 300% agus ní scaipfidh an téacs amach ón scáileán
    • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin seo gach ach méarchlár a úsáid
    • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin seo le bogearraí aitheanta cainte
    • éisteacht leis an gcuid is mó den suíomh gréasáin seo le léitheoir scáileáin
  • Mínítear conas is féidir le daoine a ríomhairí, a dtáibléid agus a bhfón cliste a dhéanamh níos éasca le húsáid ar My Computer My Way de chuid AbilityNet. Roinntear an fhaisnéis sin sna codanna seo a leanas: amharc, éisteacht, luaileach agus cognaíoch (difríochtaí foghlama). Cumhdaítear raon leathan gléasanna le bileoga fíricí is féidir a íoslódáil.
  • Rinneadh cáipéisí agus treoracha de chuid CensusAtSchool.ie a inrochtana agus arbh fhéidir. Ach ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn chun tuilleadh faisnéise a fháil má bhíonn deacracht agat agus má theastaíonn formáid mhalartach uait.Féadfaidh tú na sonraí teagmhála seo a úsáid freisin chun aon fhadhb atá agat le hinrochtaineacht an inneachair seo a thuairisciú nó chun aiseolas a chur ar fáil faoin inrochtaineacht.
  • Téigh i dteagmháil linn chun muid a chur ar an eolas má thuairiscigh tú fadhb leis an suíomh gréasáin ach nach bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú.
    Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chomhionannas agus Cearta an Duine (EHRC) atá freagrach as Rialacháin Inrochtaineachta le haghaidh Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí (Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Mhóibíleacha) 2018 a fhorfheidhmiú.
    Téigh i dteagmháil leis an ‘Equality Advisory and Support Service’.
  • Comhlíonann an suíomh gréasáin seo caighdeán 2.1 de chuid na dTreoirlínte maidir le hinrochtaineacht inneachair ar an nGréasán (WCAG) i bpáirt. Liostáiltear na réimsí neamhchomhlíonta thíos agus déantar cur síos ar an ngné nach gcomhlíonann na Treoirlínte, an fáth ar eisceacht atá inti nó an chaoi a mbeartaímid an neamhchomhlíonadh a réiteach.
  • Leagadh amach sa ráiteas na bealaí a bhfuil foireann tionscadail CensusAtSchool.ie ag oibriú chun inrochtaineacht shuíomh gréasáin an tsuirbhé a fheabhsú, lena n-áirítear:
    • Ó Mheán Fómhair 2020 ar aghaidh comhlíonfaidh aon inneachar nua a chruthaítear na rialacháin nua.
    • Tabharfar freagairt ghasta agus éifeachtach ar thuairiscí maidir le hinneachar neamhchomhlíonta.
    • Cuirfear pleananna i bhfeidhm chun uirlisí tríú páirtí a athbhreithniú agus a nuashonrú chun aon fhadhb atá le réiteach fós a chur ina ceart.