Cén chaoi a n-oibríonn sé?
- 01
- 02
- 03
Socraigh cén bhliain den tionscadal is oiriúnaí ach féachaint ar na ceistneoirí le haghaidh gach bliana a liostaítear sa roghchlár anuas.
Is féidir leat sonraí a chur isteach trí na ceistneoirí ar líne, ar féidir teacht orthu sa rannóg seo – beidh ort clárú sula ndéanann tú é sin.
Anuas air sin, is féidir leat sonraí do ranga a fháil ón rannóg ‘Faigh Sonraí’. Is comhad CSV in-íoslódáilte a bheidh ann – agus ansin is féidir leat dul i mbun na hanailíse!
Teacher registration
Ní mór do mhúinteoirí ar mian leo CensusAtSchool a úsáid lena ranganna clárú linn ar dtús. Táimid ag obair le Cuntais Scoilnet chun an tseirbhís seo a sholáthar.
Nuair a chláraíonn múinteoir, tugtar ainm úsáideora agus pasfhocal dóibh agus is féidir logáil isteach ar shuíomh CensusAtSchool leo sin agus na sonraí a chuir a gcuid ranganna isteach sna ceistneoirí a fháil. Ní mór go mbeadh uimhir bhailí ón gComhairle Múinteoireachta ag múinteoirí le clárú.
Má tá aon cheist agat i dtaobh an chlárúcháin, cuir ríomhphost chuig info@censusatschool.ie.
Ceistneoir Chéim 20
Táthar ag súil go dtabharfar faoin gcéad daonáireamh náisiúnta eile i ngach teaghlach in Éirinn in 2021. Is bealach iontach é tionscnamh CensusAtSchool do mhúinteoirí le feabhas a chur ar fheasacht na scoláirí ar an daonáireamh náisiúnta agus an tábhacht a bhaineann leis agus cuireann sé deis ar fáil do na foghlaimeoirí féin páirt a ghlacadh ina leagan féin de dhaonáireamh freisin. Cuireadh na ceisteanna atá le fáil ar an gceistneoir le haghaidh CensusAtSchool 2020–2021 in oiriúint do shuimeanna scoláirí iar-bhunscoile agus cuirfear deis ar fáil do do rang sonraí loma ar ábhair a bhaineann le rochtain idirlín agus gléasanna, teagasc baile, measúnú, taisteal ar scoil, an pholaitíocht agus caitheamh aimsire le linn thréimhse an dianghlasála a bhailiú, a láimhseáil agus a anailísiú.
Beidh an ceistneoir beo agus nótaí múinteora ar fáil i Meán Fómhair. Tá réamhamharc den cheistneoir ar fáil mar PDF thíos.
Más mian leat teacht ar cheistneoirí ó bhlianta roimhe seo, is féidir leat é sin a dhéanamh leis an roghchlár anuas ar dheis.
Ar dhearmad tú do sonraí logála isteach?
Is féidir leat an leathanach Sonraí Dearmadta? a úsáid chun a sheiceáil an bhfuil tú cláraithe linn. Má aithnítear do sheoladh ríomhphoist, cuirfear do chuid sonraí chugat go huathoibríoch.
Mura bhfuil do sheoladh ríomhphoist sa chóras:
- D’fhéadfadh sé gur chláraigh tú linn agus gur thug tú seoladh ríomhphoist eile;
- D’fhéadfadh sé nár chláraigh tú go fóill;
Má tá aon cheist agat i dtaobh do shonraí logála isteach, cuir ríomhphost chuig info@censusatschool.ie.
Táim cláraithe cheana féin
MÚINTEOIRÍ - Más rud é go bhfuil tú cláraithe linn cheana féin ach go ndearna tú dearmad ar d'ainm úsáideora agus ar do phasfhocal, is féidir iad a chur chugat arís.