Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

BACK TO GET DATA
2001/2002 Latest

Céim 2

Interesting findings from Phase 17 results:

  • Is cosúil go bhfuil leanaí sa RA tógtha le teicneolaíocht, mar tá a bhfón póca féin ag 72% de fhreagróirí Chéim a Dó agus tá rochtain ag 88% ar ríomhaire sa bhaile. Féadtar é sin a chur i gcomparáid le 41% le fón póca agus 82% le rochtain ar ríomhaire sa CensusAtSchool bunaidh (Fómhar 2000). D’ith breis agus 80% bricfeasta ar an lá ar a líon siad isteach an ceistneoir, ach is ábhar buartha é cinnte go gciallaíonn sé sin go raibh 20% d’fhreagróirí ar scoil gan é.
  • Tríd ár sonraí a chur i gcomparáid le sonraí ó Queensland agus ón Afraic Theas faightear roinnt léargas spéisiúil. Cé go bhfuil an difríocht ollmhór i ndath na súl idir an Afraic Theas agus an RA go hiomlán intuigthe, tá na spóirt is fearr le daltaí sa dá thír mórán mar an gcéanna. Luadh eitpheil, snámh agus spórt damhsa sna chéad sé spórt is fearr le cailíní sa dá thír.
  • Aontaíonn buachaillí gurb iad sacar agus rugbaí na spóirt is fearr. San iomlán, chuir 5.1% de leanaí sa RA agus 3.1% san Afraic Theas in iúl nach bhfuil aon spórt is fearr leo, ach sa dá thír roghnaigh níos mó cailíní ná buachaillí ‘No favourite’. Is cosúil go bhfuil leanaí in Queensland níos toilteanaí obair tí a dhéanamh, le beagán níos mó ná 70% de rannpháirtithe sa RA ag cur in iúl gur chuir siad slacht ar a seomraí go minic i gcomparáid le 80% in Queensland. Sa RA dúirt 9.3% nach ndearna siad aon obair tí sa bhaile i gcomparáid le 4.3% in Queensland.
  • NB In Queensland níor cuireadh an cheist faoin mbord a shocrú ach ar dhaltaí Bunscoile agus níor cuireadh an cheist faoi iarnáil, féar a lomadh agus béilí a ullmhú ach ar dhaltaí Ardscoile. San RA cuireadh na ceisteanna sin ar na daltaí uile.Anseo thíos tá dhá shampla randamacha sheasta de na sonraí le 100 taifead an ceann. Deaschliceáil agus roghnaigh ‘Sábháil sprioc mar’ chun an comhad a shábháil nó cléchliceáil chun an comhad Excel a oscailt go díreach.
    Sample 1 (XLS)
    Sample 2 (XLS)Féadann tú teacht ar shamplaí ón tacar sonraí iomlán trí mheán leathanach an roghnóra sonraí randamacha freisin.