Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

BACK TO GET DATA
2003/2004 Latest

Céim 4

Ghlac leanaí sa RA páirt i suirbhé Chéim 4 sa bhliain acadúil 2003/4. Ghlac breis agus 17,000 dalta páirt i gCéim 4 go dtí seo, le 52% baineann agus 48% fireann. Bhí formhór na ndaltaí a chomhlánaigh an ceistneoir idir aois 11 agus 14 (Príomhchéim 3).

  • I gCéim 1 (2000-2001) d’iarramar ar dhaltaí an raibh fón póca acu nó nach raibh. Dúirt 40% díobh go raibh. Ceithre bliana níos déanaí, i gCéim 4, chuireamar an cheist chéanna arís agus fuaireamar go bhfuil méadú ollmhór tagtha ar an bhfigiúr seo a sheasann ag 89% anois. Ar an dul céanna, tá méadú ó 60% go 82% tagtha ar líon na leanaí le rochtain ar an Idirlíon.Cuireadh sonraí suimiúla ar fáil faoi amanna freagartha freisin, mar a léirítear sa ghraf thíos.
  • Chreid 64% de na daltaí go leanfaidís ar aghaidh le hoideachas i ndiaidh dóibh an scoil a fhágáil, le 29% ag cur in iúl gurbh fhearr leo dul díreach ón scoil go dtí an Ollscoil. Is cosúil go bhfuil spéis níos mó ag cailíní i mbreisoideachas ná mar atá ag buachaillí: tá fonn níos mó orthu dul ag obair, de réir dealraimh. As na 17,000 dalta, dúirt 89 go sonrach gur theastaigh uathu a bheith mar ‘imreoirí sacair’, dúirt 4 gur theastaigh uathu ‘a bheith pósta’ agus i measc na n-uaillmhianta eile a luadh bhí ‘obair le deilfeanna’, ‘banc a robáil’ agus ‘teach tábhairne a bhainistiú’!
  • Is iad R&B agus Popcheol na cineálacha ceoil is fearr le daltaí, le Rac-cheol sa tríú háit. Is é ceol clasaiceach an ceol a bhfuil an spéis is lú acu ann. Is fearr le leanaí scéalta Eachtraíochta agus Uafáis a léamh ná leabhair Fhíriciúla, cé go bhfuil scéalta faoin bhFíorshaol sa tríú háit.
  • Trí rannpháirteachas na leanaí a spreagadh agus a dtuairimí a iarraidh, gintear spéis. Uaireanta tá a ndearcthaí agus a dtuairimí an-éagsúil ó dhearcthaí daoine fásta. Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine fásta cén institiúid as ocht n-institiúid a dhéarfadh leanaí go raibh an muinín is mó acu aisti, dúirt na daoine fásta go ndéarfaidís ‘teilifís’ i gcónaí. Dúirt na leanaí go bhfuil an muinín is mó acu as na ‘póilíní’ áfach, le ‘teilifís’ sa dara háit. Is é an ‘preas’ an institiúid a bhfuil an muinín is lú acu aisti. Rud atá suimiúil ná go bhfuil difríochtaí idir na hinscní; de réir dealraimh tá níos mó muiníne ag cailíní ná buachaillí. Is cúis imní é, áfach, gur cosúil go bhfuil laghdú drámata tagtha ar mhuinín i measc leanaí idir 11 agus 14 bliana d’aois, go háirithe i ndáil leis an muinín atá acu as na póilíní agus institiúidí reiligiúnacha.
  • Bímid ag obair ar na sonraí i gcónaí chun faisnéis úsáideach a chur ar fáil. Trí fhíor-shonraí a úsáid, cuirtear ar chumas daltaí na fadhbanna a thuiscint agus teastaíonn uathu teacht ar réiteach. Tá roinnt taifead a fuarthas i gCéim 4 ‘suimiúil’. Tá roinnt daltaí 210cm in airde le méid coise de 9cm? Teastaíonn ó roinnt eile ‘dada’ a dhéanamh nuair a fhágfaidh siad an scoil, seinneann siad an phíb mhór, agus tá amanna freagartha an-mhall acu! Is annamh a chuirtear sonraí mar seo sna bunachair shonraí deiridh. Úsáidtear sonraí neamhiontaofa mar seo dár n-acmhainní curaclaim, áfach, chun leanaí a spreagadh chun earráidí i sonraí a aithint. Toisc go mbailíonn siad a sonraí féin, féadann siad teacht ar chúiseanna bailí leis na sonraí neamhiontaofa agus cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi ar fearr déileáil leo. Cabhraíonn sé seo le leanaí tuiscint a fháil ar conas ba chóir déileáil le staitisticí a thuairiscítear sna meáin chumarsáide nó a fhaightear san ionad oibre.
    Tá graif agus píosaí sonraí breise ó Chéim 4 ar fáil ar fud an láithreáin.Anseo thíos tá dhá shampla randamacha sheasta de na sonraí le 100 taifead an ceann.
    Sampla 1 (XLS)
    Sampla 2 (XLS)