Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

BACK TO GET DATA
2005/2006 Latest

Céim 6

Chomhlánaigh 22 500 duine óg ceistneoir Chéim 6 idir mí Mheán Fómhair 2005 agus mí Iúil 2006. Seo duit roinnt rudaí a d'fhoghlaimíomar trí fhéachaint ar a sonraí:

  • Bhí beagán níos mó ná leath (56%) de na daoine a chomhlánaigh an suirbhé ina gcailíní. Ní dúirt ach 4% nach n-itheann siad feoil riamh, agus dúirt aon cheathrú de dhaltaí idir 11 agus 16 bliana d’aois go n-itheann siad feoil gach lá. Is cosúil gur fearr feoil le buachaillí ná le cailíní go ginearálta – léiríonn na píchairteacha thíos go raibh dúil níos mó ag buachaillí sa phróitéin agus go raibh spéis níos mó ag cailíní i dtorthaí, glasraí agus carbaihiodráití.
  • Mar sin, is cosúil go bhfuil cailíní chun tosaigh maidir le hithe sláintiúil – an mbaineann sé leis an leitheadas? Léiríonn na freagraí a tugadh ar cheist 8 gur thosaigh leath de na freagróirí baineanna agus aon trian de na freagróirí fireanna aiste bia nó go ndearna siad rud éigin eile chun a meáchan a rialú le bliain anuas. Léiríonn an bharrachairt thíos go n-itheann beagnach aon cheathrú de na rannpháirtithe dhá chuid de mhilseáin agus de chriospaí in aghaidh an lae – itheann breis agus 90% aon chuid díobh!
  • Maidir leis an gcomhshaol, luaigh beagnach 60% athrú aeráide mar an tsaincheist is mó ar gá aghaidh a thabhairt uirthi sna blianta amach romhainn. Ní raibh mórán díobh buartha faoi líonadh talún (2.5%) nó brú tráchta (3%) ach nuair a bheidh siad sean go leor le bheith in ann tiomáint agus nuair a bheidh siad freagrach as a dtithe féin d’fhéadfadh athrú teacht air sin.
  • Ina dtimpeallacht áitiúil, ba bhreá leo níos lú bruscair agus tráchta agus níos mó áiseanna spóirt. Fuarthas freagraí an-éagsúil ar an gceist seo i réigiúin éagsúla. Mar shampla, níor theastaigh áiseanna spóirt breise ach ó 3% de fhreagróirí in Oileáin Mhuir nIocht agus méid an tráchta is mó a bhí ag cur isteach orthu, ach sa Lár-Réigiún Thoir ní raibh raonta rothair breise ag teastáil ach ó 3% de fhreagróirí, agus bruscar an rud is mó a bhí ag cur isteach orthu, le 30% ag lua mhéid an bhruscair mar an rud ar bhreá leo feabhas a chur air ina dtimpeallacht áitiúil.
  • Dúirt beagnach 70% go scuabann siad a bhfiacla dhá uair in aghaidh an lae, le níos lú ná 1% ag rá nach scuabann siad iad ar chor ar bith. Tá difríochtaí idir inscní soiléir sna carthanachtaí a roghnaigh siad freisin. Mar a léiríonn an bharrachairt thíos, carthanachtaí do leanaí a bhí sa chéad áit, ach is fearr le buachaillí carthanachtaí spóirt agus comhshaoil agus thabharfadh cailíní a gcuid airgid do charthanachtaí leanaí agus ainmhithe dá mbeadh an rogha acu.
  • Anseo thíos tá dhá shampla randamacha sheasta de na sonraí le 100 taifead an ceann.
    Sampla 2 (XLS)