Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

BACK TO GET DATA
2007/2008 Latest

Céim 8

Tá na torthaí faighte, glanadh na sonraí agus rinne an fhoireann CensusAtSchool roinnt anailísí. 'Cad a d'fhoghlaimíomar ó thorthaí dhaonáireamh Chéim 8?' Ar aghaidh leat ag léamh chun na freagraí a fháil...

 

  • I mbliana, chomhlánaigh beagán níos mó ná 14000 dalta scoile agus múinteoir ó áiteanna ar fud an domhain an suirbhé ar líne. Maidir leo sin, tháinig 97% ó scoileanna sa RA agus bhí 49% fireann. Labhraíonn beagán níos lú ná leath (46%) de na daoine a d’ionchuir sonraí teanga amháin (seans go bhfuil tú in ann buille faoi thuairim a thabhairt faoin teanga sin!), labhraíonn 32% 2 cheann, labhraíonn 14% 3 cinn agus labhraíonn an chuid eile breis agus 3 theanga – le cumas acu comhrá bunúsach a dhéanamh i ngach teanga díobh ar a laghad.
  • Cé go raibh céatadán ard na ndaoine a thaistealaíonn ar scoil le gluaisteán luaite ar an nuacht go minic i mbliana, de réir ár dtorthaí bhí an céatadán sin comhleanúnach ar fud na n-aoisghrúpaí ag  25-30%. Cad a cheapann tú faoi na 75% de mhúinteoirí (agus daoine fásta eile) a thaistealaíonn ar scoil le gluaisteán de réir ár dtorthaí?
  • Den chuid is mó bhí dearcthaí cailíní agus buachaillí faoi shaincheisteanna tábhachtacha comhleanúnach. Bhraith 75% ar a laghad de chailíní gur saincheisteanna tábhachtacha iad athrú aeráide, caomhnú uisce agus fuinnimh agus rochtain ar an idirlíon. Féadtar é sin a chur i gcomparáid le 75% ar a laghad de bhuachaillí a bhraitheann go bhfuil caomhnú fuinnimh agus rochtain ar an idirlíon tábhachtach. Bhí dearcthaí buachaillí agus cailíní faoi rochtain ar an idirlíon agus faoi úinéireacht ríomhairí beagnach díreach mar an gcéanna.
  • Maidir le speicis i mbaol, fuair deilfeanna an-chuid tacaíochta ó fhreagróirí baineanna – tá thart ar 14 speiceas de dheilfeanna ar an liosta de na 542 speiceas atá i mbaol. Thug níos mó buachaillí tacaíocht don tíogar – cé nach bhfuil sé sa bhaol céanna. I gcás buachaillí, bhí an béar bán sa dara háit i ndiaidh an tíogair agus bhí an deilf sa tríú háit.
  • Tá a fhios ag 72% de fhreagróirí go dtagann piongainí ó Antartaice le difríocht bheag idir coibhneas na bhfreagraí cearta ag cailíní i gcomparáid le buachaillí – bhí an freagra ceart ag 74% de chailíní i gcomparáid le 70% de bhuachaillí. I gcodarsnacht leis sin, ní raibh a fhios ach ag 16% de fhreagróirí go gcónaíonn arcáin talún san Afraic agus níor aithin ach 19% gur tháinig Lámaí ó Mheiriceá Theas. Mar sin, tríd is tríd, ní raibh 22% de na freagróirí in ann aon cheann de na hainmhithe a mheaitseáil lena n-ilchríoch dhúchasach. Chuir 3% 5 nó 6 ainmhí san ilchríoch cheart.
  • Is í Teilifís Réaltachta faisean na huaire sa chraoltóireacht. I gCéim 8, d’iarramar ar fhreagróirí a dtuairimí fúithi a thabhairt dúinn – féachann 75% de chailíní ar theilifís réaltachta ó am go ham ar a laghad, i gcomparáid le 59% de bhuachaillí. Cé go vótálann aon cheathrú de fhreagróirí sna cláir ó am go ham, vótálann níos lú ná 1% go minic. Ba bhreá le 36% de dhaoine óga a bheith ar theilifís réaltachta, agus tá 30% eile éiginnte faoi. Maidir leo siúd a mheasann go vótálann siad ‘go minic’, ba bhreá le 67% díobh a bheith ar chlár, le 14% eile nach bhfuil cinnte faoi. San iomlán, ní raibh aon spéis ag 32% de fhreagróirí i bpáirt a ghlacadh in aon cheann de na cláir seo – le níos mó buachaillí gan aon spéis ann ná cailíní. I measc na gcúiseanna a tugadh luadh go bhfuil sé náireach, gur cur amú ama é, go bhfuil sé táireach agus go sáraíonn sé do phríobháideachas. Luaigh 176 freagróir nach mbeadh spéis acu ann toisc go bhfuil siad cúthaileach.
  • Cad atá le déanamh anois? Agus tú ar an eolas faoi roinnt de na rudaí a léirigh sonraí chéim 8 dúinn, b’fhéidir gur tháinig tú ar roinnt ceisteanna a d’fhéadfá a imscrúdú – an bhfuil dearcthaí éagsúla ag daoine ó réigiúin éagsúla faoi theilifís réaltachta, mar shampla? Nó daoine d’aoiseanna éagsúla? D’fhéadfá sampla de shonraí a íoslódáil chun imscrúdú breise a dhéanamh ar do cheist – nó d’fhéadfá triail a bhaint as na 10 gceist mheara faoi thorthaí chéim 8 chun a chinntiú go bhfuil tú beo-intinneach.
    1. Cén céatadán de fhreagróirí chéim 8 a labhraíonn níos mó ná 3 theanga?
    2. Cén aoisghrúpa a bhaineann an céatadán is airde de úsáid as busanna de réir na dtorthaí?
    3. Cad é an céatadán sin?
    4. An féidir leat é seo a chur i gcomhthéacs leis na cineálacha eile iompair agus a mhíniú cén fáth go bhfuil sé is airde i measc an ghrúpa seo?
    5. An féidir leat a réamhinsint cén réigiún ina mbeidh an céatadán is airde de dhaoine a thaistealóidh ar scoil leis an traein?
    6. Conas a d’úsáidfeá na sonraí chun é sin a imscrúdú?
    7. Cén speiceas a léiríonn an raon is mó idir líon na dtacadóirí baineanna agus líon na dtacadóirí fireanna?
    8. Cén speiceas a léiríonn an raon is lú?
    9. An féidir leat roinnt cúiseanna féideartha a thabhairt leis na difríochtaí seo?
    10. An féidir leat smaoineamh ar roinnt cúiseanna a mhíneodh cén fáth go gceapann an líon céanna cailíní agus buachaillí go bhfuil úinéireacht ríomhaire agus rochtain ar an idirlíon mar shaincheisteanna tábhachtacha?
  • Freagraí: 8%, 18, 50%, – , Londain, – , Deilfeanna, Dordéan, – ,
  • Saincheisteanna a théann i bhfeidhm go díreach ar a mbeatha laethúil?
  • Anseo thíos tá dhá shampla randamacha sheasta de na sonraí le 100 taifead an ceann.
    Sample 1 (XLS)
    Sample 2 (XLS)