Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

BACK TO GET DATA
2008/2010 Latest

Céim 9

Tá torthaí shuirbhé na bliana seo caite ar fáil anois agus is mór an díol suntais iad. Líon 863 dhuine óg isteach ceistneoir Chéim 9 idir Meán Fómhair 2009 agus Bealtaine 2010.  

– Seo cuid de na rudaí a thugamar faoi deara ar fhéachaint dúinn ar a gcuid sonraí.

  • Cailíní ab ea breis is leath (54%) díobh siúd a líon isteach an suirbhé agus idir 12 agus 20 bliain d’aois a bhí siad.
  • Iarradh ar dhaltaí a n-airde, fad na coise, fad an chorrmhéir agus fad an mhéir fháinne a thabhairt. Bhí gaolú dearfach beag idir airde agus fad coise, dhealraigh sé go raibh cosa fada ar fhormhór na ndaltaí ab airde. B’é 0.32an chomhéifeacht chomhghaolaithe.
  • Ba é céad rogha na gcailíní agus na mbuachaillí fón póca a bheith acu, agus ríomhaire agus an tIdirlíon ab ea an dara rogha.
  • Ba é Meteor an líonra fón póca ba mhó tóir agus ba é rogha leath nach mór (47%) de na comhfhreagróirí.
  • I gCéim 9 cuireadh an cheist cé acu de na hábhair ar mhaith le daltaí a bhaint den Churaclam Scoile in Éirinn. Roghnaigh idir chailíní agus bhuachailí an Ghaeilge mar an bpríomhábhar ar mhaith leo a bhaint den Churaclam.
  • Agus Cluichí Oilimpeacha 2012 á reachtáil sa RA, ba spéis le Foireann CensusAtSchoool tuairimí daoine óga a fháil.Taispeántar sa chairt thíos an tOilimpeoir ba chlúití, dar le foghlaimeoirí in aois scoile.
  • Nuair a fiafraíodh díobh “Cén cumhacht dochreidte ar mhaith leat a bheith agat?”, theastaigh ó fhormhór na gcailíní a bheith teileapaiteach agus ó fhormhór na mbuachaillí a bheith in ann an t-am a reo.Chuirfeadh na torthaí a fuaireamar i bhfios gurbh fhearr le formhór páistí a bheith sona seachas cáiliúil, sláintiúil nó saibhir, agus b’amhlaidh go háirithe i gcás na ndaltaí ba shine.
  • Nuair a roinntear na sonraí idir sonraí na gcailiní agus sonraí na mbuachaillí, is é ‘Sona’ mód an dá ghrúpa. Ba é dara rogha formhór na mbuachaillí a bheith saibhir, ach i gcás na gcailíní, a bheith sláintiúil.
  • Tá cluiche ag deireadh ceistneoir Chéim 9 ar líne. Is éard atá i gceist sa chluiche an chearnóg dhearg a choimeád as an tslí ar na ceithre dhronnuilleog ghluaisteacha gorma chomh fada agus is féidir. Is cosúil gur fusa an cluiche seo do bhuachaillí ná do chailíní. B’é 27.56 nóiméad an t-am ba ghiorra a tógadh.