Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

BACK TO GET DATA
2006/2007 Latest

Céim 7

I gCéim 7 fuarthas ionchur ó bhreis agus 15, 500 leanbh, 51% fireann agus 49% baineann. Sa chairt thíos, léirítear gurb iad Píotsa agus bia Síneach an mearbhia is fearr leis na freagróirí. Mar sin féin, léirigh cailíní claonadh soiléir i dtreo Bia Shínigh agus ní raibh ach líon beag buachaillí a roghnaigh Bia Síneach thar Phíotsa.

  • Cé gur ceist thráthúil é an mearbhia i láthair na huaire, cad é an tsaincheist thráthúil is tábhachtaí sa Bhreatain sa lá atá inniu ann? Chuir leanaí de gach aois athrú aeráide sa chéad áit, ach rud atá suimiúil ná go dtéann líon na ndaltaí a mheasann go bhfuil sé tábhachtach i laghad de réir mar a théann daltaí in aois – agus de réir mar a théann tábhacht an athraithe aeráide i laghad le haois, téann tábhacht na coireachta, na bhfoinsí fuinnimh agus an oideachais i méid. An é go dtuigeann daltaí an tábhacht a bhaineann le cáilíochtaí maithe a fháil de réir mar a dhruideann siad lena mbliain dheireanach scoile?
  • Nuair a iarradh orthu a chur in iúl cad a rachadh chun feabhais sna blianta amach romhainn, chuir 88% de dhaltaí in iúl go measann siad go bhfanfaidh cáilíocht an oideachais mar an gcéanna nó go rachaidh sé i bhfeabhas! Oideachas, oideachas, oideachas – seans go n-oibríonn fógraíocht? Ar an taobh eile de, creideann leath díobh go n-éireoidh cáilíocht an chomhshaoil níos measa, agus creideann beagnach an líon céanna díobh, 49%, go n-éireoidh coireacht níos measa freisin. Féach ar ár nuachtlitir ó mhí Mheán Fómhair 07 ina gcuirtear na sonraí seo i gcomparáid leis an méid a chreideann daoine fásta faoi na saincheisteanna céanna.
  • Cuireadh an cheist ‘Cén duine a bhfuil meas agat air?’ den chéad uair i gCéim 3, agus tá an-chuid de na treochtaí a tugadh faoi deara ansin fíor fós sa lá atá inniu ann. Luaigh beagnach 30% de dhaltaí scoile go raibh meas acu ar ghaolta, ach mar a fheicfidh tú sa ghraf de réir mar a éiríonn siad níos sine, bíonn meas níos mó acu ar dhaoine cáiliúla agus ar chairde. Is cosúil go bhfuil níos mó leanaí le meas acu ar dhaoine spóirt anois freisin.
  • Anseo thíos tá dhá shampla randamacha sheasta de na sonraí le 100 taifead an ceann.
    Sample 1 (XLS)
    Sample 2 (XLS)