Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

BACK TO GET DATA
2019/2020 Latest

Céim 19

As thart ar 371,455 scoláire meánscoile, chuir 1,560 (0.4%) scoláire ceistneoir Chéim 19 den suirbhé CensusAtSchool i gcrích. Bhí sé ar fáil do scoláirí agus do scoileanna idir mí Mheán Fómhair 2019 agus mí an Mheithimh 2020. Cumhdaíodh réimse topaicí éagsúla i gceistneoir Chéim 19 lena n-áirítear:

  • athrú aeráide agus athchúrsáil
  • ceisteanna Hans Rosling ar an dearcadh i gcomparáid leis an bhfírinne
  • na Cluichí Oilimpeacha
  • cineálacha agus dathanna carranna a thaitníonn leo
  • an chaoi a mothaíonn tú faoi bheith gan do ghuthán

 

Torthaí suimiúla a tháinig as suirbhé Chéim 19:

  • Chaith triúr scoláirí as ceathrar níos lú ná €100 ar na bróga reatha deireanacha a cheannaigh siad (75%), agus chaith níos lú ná duine as gach fiche scoláire níos mó ná €200 ar an bpéire deireanach a cheannaigh siad (4%).
  • Is iad na bróga reatha an cineál bróige is mó a thaitníonn le scoláirí, agus tá trí phéire ar a laghad ag níos mó ná leath na scoláirí (56%). Buataisí rubair is lú a thaitníonn leo, agus gan péire amháin ar a laghad ach ag 45% de scoláirí.
  • Ba mhaith le níos mó ná ceathrar cailíní as gach deichniúr (42%) an Spáinnis a fhoghlaim, agus ba mhaith le haon trian de bhuachaillí (33%) í a fhoghlaim.
  • Is féidir le ceathrar scoláirí as gach deichniúr (41%) gnáthchomhrá a bheith acu i dtrí theanga ar a laghad. Tá cumas comhrá ag thart ar 3% de scoláirí i gcúig theanga ar a laghad.
  • Is é 1.63m meán-airde scoláirí fireanna na chéad bhliana, 4cm níos airde ná scoláirí baineanna na bliana céanna. Méadaítear an difríocht airde sin go dtí 13cm san idirbhliain, le scoláirí baineanna na hidirbhliana 1.65m ar airde agus scoláirí fireanna na hidirbhliana 1.78m ar airde.
  • Bhí meáchan an mhála scoile níos éadroime ná 2kg i gcás beagnach seachtar scoláirí as gach deichniúr. Ba mhó an seans go mbeadh mála scoile ag buachaillí a bheadh níos troime ná 6kg (15% de bhuachaillí, 10% de chailíní).
  • Is é an t-earra ba thúisce a thabharfadh na scoláirí chuig oileán tréigthe ná beatha agus uisce le breis agus duine amach as gach triúr cailíní (35%) agus duine as gach ceathrar buachaillí (26%) ag thabhairt an fhreagra seo. Ba mhó buachaillí a dteastódh modh éalaithe ón oileán uathu (24% de scoláirí fireanna, 17% de scoláirí baineanna), agus ba mhó an seans go dtabharfadh cailíní guthán leo (15% de scoláirí baineanna, 6% de scoláirí fireanna).

Téigh chuig suíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh chun breathnú ar léiriú grafach ar na torthaí seo.