Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

BACK TO GET DATA
2013/2014 Latest

Céim 13

Tá sé oifigiúil – tá a dhá oiread péirí bróga ag cailíní ná mar atá ag buachaillí. Ní chuireann sé sin iontas orainn i ndáiríre! Lena chois sin, faigheann 80% de dhaltaí ioncam de shaghas éigin in aghaidh na seachtaine; as obair thuarastail a fhaigheann 16-17% de na daltaí an t-ioncam sin. Féach ar na torthaí foilsithe agus gheobhaidh tú léargas ar nósanna agus ar thuairimí na ndaltaí. San iomlán, chomhlánaigh 4,906 dalta meánscoile ceistneoir CensusAtSchool 2013/2014 idir Meán Fómhair 2013 agus Lúnasa 2014. Clúdaíodh an dúrud topaicí sa cheistneoir, mar shampla an oiread muiníne atá ag daltaí as daoine éagsúla, an bia beir leat is fearr leo, ioncam na ndaltaí sa tseachtain agus a nósanna léitheoireachta.

Torthaí suimiúla ó CensusAtSchool 13:

  • Faigheann os cionn ceithre chúigiú de na daltaí ioncam seachtainiúil. Is iad airgead póca (32% i gcás na gcailíní agus 33% i gcás na mbuachaillí) agus obair thuarastail (16% i gcás na gcailíní agus 17% i gcás na mbuachaillí) na híocaíochtaí is coitianta a fhaightear.
  • Ba iad bia Síneach (33%), píotsa (28%) agus sceallóga (10%) na bianna beir leat ab fhearr leis na daltaí.
  • Ar an meán, léirigh na daltaí go bhfuil 12 phéire de chineálacha éagsúla coisbhirt acu. Chuir na daltaí baineanna (16 phéire) in iúl go bhfuil a dhá oiread péirí coisbhirt acu ná mar atá ag na daltaí fireanna (8 bpéire).
  • Nuair a fiafraíodh díobh faoin muinín atá acu as roinnt aonáin shóisialta, chuir na daltaí in iúl go bhfuil an méid is mó muiníne acu as a gcomhscoláirí agus as na Gardaí. Léirigh na daltaí go raibh an méid is lú muiníne acu as polaiteoirí agus as lucht na nuachtán.
  • Ba iad Corpoideachas (13%) agus Ealaín (12%) na hábhair ab fhearr le daltaí sna meánscoileanna gan táille. I gcodarsnacht leis sin, ba iad Matamaitic (11%) agus Béarla (9.5%) na hábhair ab fhearr le daltaí sna meánscoileanna táille.
  • Léirigh 64% de na daltaí gur léigh siad leabhar le mí anuas. Ba iad scéalta Fantaisíochta/Ficsean Eolaíochta (18.7%), Eachtraíochta (18.6%) agus Grá (12.8%) na seánraí leabhair ba choitianta i measc na ndaltaí.
  • Léiríonn na freagraí go raibh na croírátaí ab ísle ar a suaimhneas (60-65 buille in aghaidh an nóiméid) sna daltaí sna contaetha ó thuaidh: Dún na nGall, Sligeach, an Cabhán, an Longfort agus an Iarmhí. Nuair a thomhais daltaí a gcroíráta tar éis píosa beag aclaíochta, ba iad na daltaí in Uíbh Fhailí a léirigh an t-ardú céatadáin ba lú ar an mbuille in aghaidh an nóiméid (20-29%).
  • Tuilleadh anailíse…