Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

Glac páirt

Sa rannóg seo gheobhaidh tú na ceistneoirí go léir agus sonraí faoin gcaoi ar féidir le múinteoirí clárú linn.

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

  • 01
  • 02
  • 03

Socraigh cén bhliain den tionscadal is oiriúnaí ach féachaint ar na ceistneoirí le haghaidh gach bliana a liostaítear sa roghchlár anuas.

Is féidir leat sonraí a chur isteach trí na ceistneoirí ar líne, ar féidir teacht orthu sa rannóg seo – beidh ort clárú sula ndéanann tú é sin.

Anuas air sin, is féidir leat sonraí do ranga a fháil ón rannóg ‘Faigh Sonraí’. Is comhad CSV in-íoslódáilte a bheidh ann – agus ansin is féidir leat dul i mbun na hanailíse!

Teacher registration

Ní mór do mhúinteoirí ar mian leo CensusAtSchool a úsáid lena ranganna clárú linn ar dtús. Táimid ag obair le Cuntais Scoilnet chun an tseirbhís seo a sholáthar.

Nuair a chláraíonn múinteoir, tugtar ainm úsáideora agus pasfhocal dóibh agus is féidir logáil isteach ar shuíomh CensusAtSchool leo sin agus na sonraí a chuir a gcuid ranganna isteach sna ceistneoirí a fháil. Ní mór go mbeadh uimhir bhailí ón gComhairle Múinteoireachta ag múinteoirí le clárú.

Má tá aon cheist agat i dtaobh an chlárúcháin, cuir ríomhphost chuig info@censusatschool.ie.

Foirm chlárúcháin

Nuair a bheidh d'fhoirm chlárúcháin faighte agus ceadaithe, seolfar ríomhphost le hainm úsáideora pearsanta agus pasfhocal chugat. Seiceáil d’fhillteán turscair mura bhfaigheann tú na sonraí seo laistigh de 24 uair an chloig.

.

2022/2023 Current

Ceistneoir Chéim 22

Cuireadh na ceisteanna atá le fáil ar an gceistneoir le haghaidh CensusAtSchool 2022-2023 in oiriúint do shuimeanna scoláirí iar-bhunscoile agus cuirfear deis ar fáil do do rang sonraí lom a bhailiú, a láimhseáil agus a anailísiú.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuireann gach scoláire ainm úsáideora ceart an mhúinteora isteach agus iad ag comhlánú an cheistneora ar mhaithe le sonraí an ranga a íoslódáil go héifeachtach. Bíonn múinteoirí in ann freagraí a gcuid ranganna a íoslódáil ón gcuid Faigh Sonraíden suíomh gréasáin tar éis don rang an ceistneoir ar líne a chomhlánú.

Úsáideoir nua de CensusAtSchool? Foghlaim faoin gcaoi le páirt a ghlacadh anseo.

Ar dhearmad tú do sonraí logála isteach?

Is féidir leat an leathanach Sonraí Dearmadta? a úsáid chun a sheiceáil an bhfuil tú cláraithe linn. Má aithnítear do sheoladh ríomhphoist, cuirfear do chuid sonraí chugat go huathoibríoch.

Mura bhfuil do sheoladh ríomhphoist sa chóras:

  1. D’fhéadfadh sé gur chláraigh tú linn agus gur thug tú seoladh ríomhphoist eile;
  2. D’fhéadfadh sé nár chláraigh tú go fóill;

Má tá aon cheist agat i dtaobh do shonraí logála isteach, cuir ríomhphost chuig info@censusatschool.ie.

Táim cláraithe cheana féin

MÚINTEOIRÍ - Más rud é go bhfuil tú cláraithe linn cheana féin ach go ndearna tú dearmad ar d'ainm úsáideora agus ar do phasfhocal, is féidir iad a chur chugat arís.