Our website uses cookies. Find out more

Rotate your phone

Once that’s done you’ll be able to experience the CensusAtSchool website perfectly.

Fáilte chuig CensusAtSchool Éireann

Áireamh Idirnáisiúnta ar Leanaí trína ndéantar fíorshonraí a bhailiú agus a scaipeadh ionas gur féidir le múinteoirí agus daltaí iad a úsáid i láimhseáil sonraí, in ICT agus ar fud an churaclaim le haghaidh teagaisc agus foghlama.

Is múinteoir mé

Roghnaigh ceann de na roghanna seo a leanas má tá tú cláraithe cheana féin:

An chaoi le páirt a ghlacadh

Tacaíocht don cheistneoir reatha

Sonraí ranga a aisghabháil

Is scoláire mé

Déan cinnte go bhfuil ainm úsáideora do mhúinteora agus uimhir rolla na scoile agat chun an ceistneoir ar líne a úsáid.

Freagair an ceistneoir reatha

Ceistneoirí an áirimh

Socraigh cén bhliain den tionscadal is oiriúnaí ach féachaint ar na ceistneoirí le haghaidh gach bliana a liostaítear.

Current
2022/2023

Ceistneoir Chéim 22

Cuireadh na ceisteanna atá le fáil ar an gceistneoir le haghaidh CensusAtSchool 2022-2023 in oiriúint do shuimeanna scoláirí iar-bhunscoile agus cuirfear deis ar fáil do do rang sonraí lom a bhailiú, a láimhseáil agus a anailísiú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuireann gach scoláire ainm úsáideora ceart an mhúinteora isteach agus iad ag…

2021/2022

Ceistneoir Chéim 21

Chuir COVID-19 isteach ar neart gnéithe rialta den saol agus é mar chúis taobh thiar de dhianghlasálacha gan fasach mar iarracht scaipeadh an víris a chiorrú. Agus aird á tabhairt air sin, bhí roinnt ceisteanna mar chuid de CensusAtSchool ann chun féachaint ar thionchar COVID-19 ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach an scoláire in Éirinn, chomh…

2020/2021

Ceistneoir Chéim 20

Táthar ag súil go dtabharfar faoin gcéad daonáireamh náisiúnta eile i ngach teaghlach in Éirinn in 2021. Is bealach iontach é tionscnamh CensusAtSchool do mhúinteoirí le feabhas a chur ar fheasacht na scoláirí ar an daonáireamh náisiúnta agus an tábhacht a bhaineann leis agus cuireann sé deis ar fáil do na foghlaimeoirí féin páirt a…

2019/2020

Ceistneoir Chéim 19

An bhfuil athrú tagtha ar an gcaoi a bhféachaimid ar an domhan? An bhfuil an dearcadh atá againn ar an saol bunaithe ar fhíricí nó bunaithe ar réamhthuairimí? Smaoinigh ar an gcaoi a bhféachann tú ar an domhan agus ar an bhfáth a bhfuil an dearcadh sin tábhachtach le ceistneoir CensusAtSchool 2019-2020. Tabharfaidh an daonáireamh…

2018/2019

Ceistneoir Chéim 18

Tá 2019 ainmnithe ag Na Náisiúin Aontaithe mar Bhliain na dTeangacha Dúchais. Lenár dteanga déanaimid cumarsáid leis an domhan mór, faighimid tuiscint ar cé muid féin, cuireann muid ár stair agus ár gcultúr in iúl agus foghlaimímid. Chuige sin, bhí roinnt ceisteanna ar CensusAtSchool a bhain le teanga nua a fhoghlaim agus leis an nGaeilge…

2017/2018

Ceistneoir Chéim 17

Caith do vóta, meas cén tír a bhainfidh Corn Domhanda FIFA 2018 amach? Ní raibh cead ag mná vótáil 100 bliain ó shin. Sa bhliain 2018, déanfar céad bliain ó chaith mná vóta i dtoghchán den chéad uair a chomóradh. Mar thoradh, bhí ceisteanna ar CensusAtSchool a raibh baint dhíreach acu leis na himeachtaí seo…

2016/2017

Ceistneoir Chéim 16

Tá 2017 ainmnithe ag Na Náisiúin Aontaithe mar Bhliain na Turasóireachta Inbhuanaithe don Fhorbairt. Mar sin, tá roinnt ceisteanna ar CensusAtSchool a bhaineann le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA agus a chumhdaíonn ábhair amhail athchúrsáil, athrú aeráide, fuinneamh in-athnuaite agus áiteanna saoire. Tabharfaidh na ceisteanna seo deis do do rang sonraí faoi ábhar mór cainte…

2015/2016

Ceistneoir Chéim 15

Agus muid ag déanamh ar chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916, tá sé socraithe againn roinnt ceisteanna maidir leis an stair a chur le Ceistneoir 2015/16. Ar thug tú cuairt riamh ar láthair stairiúil a bhaineann leis na heachtraí in Éirinn sa tréimhse 1912-1922? An bhfuil a fhios agat cé hiad roinnt de…

2014/2015

Ceistneoir Chéim 14

Toisc go bhfuil comóradh 20 bliain á dhéanamh ar Bhliain Idirnáisiúnta an Teaghlaigh, chuireamar roinnt ceisteanna faoi theaghlaigh i gceistneoir na bliana seo. Cá mhinice a itheann sibh bhur bpríomhbhéile le chéile; an teaghlach spórtúil, ceolmhar nó polaitiúil sibh? Tá roinnt ceisteanna neamhghnácha ann freisin, mar shampla cé mhéad a d’íoc tú as an mbríste…

2013/2014

Ceistneoir Chéim 13

Clúdaíonn ceistneoir na bliana seo topaicí fearacht péirí bróg agus bia beir leat. Cé mhéad péire bróg atá agat agus cad é an bia beir leat is fearr leat? Ar léigh tú leabhar le mí anuas (seachas leabhar scoile)? An bhfaigheann tú leabhair ar iasacht ó do leabharlann áitiúil? Mar a fheiceann tú, is iomaí…

Tuarascálacha dheireadh na bliana ón bPríomh-Oifig Staidrimh

Tá na torthaí do gach ceistneoir de chuid CensusAtSchool ar fáil, ach amháin an ceistneoir reatha.

Latest
2021/2022

Torthaí CensusAtSchool 21

As thart ar 391,703 scoláire iar-bhunscoile, chomhlánaigh 1,748 (0.4%) scoláire ceistneoir Chéim 21 den suirbhé CensusAtSchool. Bhí sé ar fáil do scoláirí agus do scoileanna idir mí Mheán Fómhair 2021 agus mí an Mheithimh 2022. Cumhdaíodh réimse de thopaicí éagsúla i gceistneoir Chéim 21 lena n-áirítear:

  • G

2020/2021

CensusAtSchool 20 Results

From an estimated 379,183 secondary school students, 1,198 (0.3%) students completed the Phase 20 questionnaire of the CensusAtSchool survey. It was available to students and schools between September 2020 and June 2021. The Phase 20 questionnaire covered a variety of topics including:

  • Irish culture
2019/2020

Céim 19

As thart ar 371,455 scoláire meánscoile, chuir 1,560 (0.4%) scoláire ceistneoir Chéim 19 den suirbhé CensusAtSchool i gcrích. Bhí sé ar fáil do scoláirí agus do scoileanna idir mí Mheán Fómhair 2019 agus mí an Mheithimh 2020. Cumhdaíodh réimse topaicí éagsúla i gceistneoir Chéim 19 lena n-áirítear:

  • athrú a

2018/2019

CensusAtSchool 18 Results

From an estimated 362,000 secondary school students, 1,417 (0.4%) students completed the Phase 18 questionnaire of the CensusAtSchool survey. It was available between September 2018 and August 2019. The Phase 18 questionnaire covered a variety of topics including:

  • immersion and interest in languages
2017/2018

Céim 17

As thart ar 357,000 scoláire meánscoile, chuir 2,253 (0.6%) scoláire ceistneoir Chéim 17 den  suirbhé CensusAtSchool i gcrích. Bhí sé ar fáil idir Meán Fómhair 2017 agus Lúnasa 2018. Cumhdaíodh topaicí éagsúla sa cheistneoir idir Chorn an Domhain FIFA, muinín scoláirí sna meáin agus nósanna aiste bia.

2016/2017

Céim 16

As thart ar 352,000 scoláire meánscoile, chuir 3,471 (1.0%) scoláire ceistneoir Chéim 16 den suirbhé CensusAtSchool i gcrích. Bhí sé ar fáil idir Meán Fómhair 2016 agus Lúnasa 2017. Cumhdaíodh topaicí éagsúla i gceistneoirChéim 16 lena n-áirítear:

  • Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe
2015/2016

Céim 15

Chomhlánaigh 4,199 (1.1%) as líon measta 380,000 scoláire meánscoile ceistneoir Chéim 15 den suirbhé CensusAtSchool idir Meán Fómhair 2015 agus Lúnasa 2016. Cumhdaíodh topaicí éagsúla sa cheistneoir idir thopaicí a bhain le 1916, an méid Gaeilge atáthar a labhairt agus an cineál iompair scoile atá in úsáid.

2014/2015

Céim 14

Chomhlánaigh 5,348 (1.5%) as líon measta 368,000 scoláire meánscoile ceistneoir Chéim 14 den suirbhé CensusAtSchool idir Meán Fómhair 2014 agus Lúnasa 2015. Cumhdaíodh topaicí éagsúla sa cheistneoir, ina measc cé chomh minic is a bhí scoláirí páirteach i ngníomhaíochtaí teaghlaigh gach seachtain go dtí líon na dteacht

2013/2014

Céim 13

Tá sé oifigiúil – tá a dhá oiread péirí bróga ag cailíní ná mar atá ag buachaillí. Ní chuireann sé sin iontas orainn i ndáiríre! Lena chois sin, faigheann 80% de dhaltaí ioncam de shaghas éigin in aghaidh na seachtaine; as obair thuarastail a fhaigheann 16-17% de na daltaí an t-ioncam sin. Féach ar na torthaí foilsithe

2012/2013

Céim 12